| Conas do Hullachan a
chaitheamh Caitheann beagnach gach barr-rinceoir
Éireannach an t-Hullachan anois. Seo é an dóigh cheart do
bhróga Hullachan nua a cheangal agus an dóigh le aire a
thabhairt dóibh.
Nuair a fhaigheann tú do Bhróga Hullachan, cuimhnigh air seo:
An bhfuil na bróga rómhór?
An bhfuil na bróga teann ar an bhfad nó an bhfuil siad
compordach?
An bhfuil na bróga róleathan?
Bain díot do bhróga, le do thoil, agus pointeáil do ladhracha.
Má tá tú ag cuachadh do ladhracha, sin an teicníc mhícheart agus
beidh spás san áit a bhfuil na ladhracha ann. Coinnigh do
ladhracha díreach i gcónaí nuair a phointeálann tú mar
neartaíonn sin trácht na coise agus síneann sé na teannán.
Ar deireadh thiar bíodh cuimhne agat nach féidir linn a
bheith cinnte cé chomh maith is a luíonn na bróga leat mar ní
bhíonn muid anseo nuair a fhaigheann tú iad. Mar sin bunaítear
meastachán an tástála ar phromhadh agus earráid. De ghnáth
bíonn muid i gceart ach leis an oiread d’athróga tástála bíonn
ar an rinceoir beartú agus beidh sé ar an rinceoir an cinneadh
deireanach a dhéanamh an gceannóidh sé nó sí na bróga. Tá na
bróga seo déanta as leathar bog agus déanfaidh siad de réir
chruth do chos nuair a chaitear ar feadh tamaillín iad. Ach sin
ráite againn bíonn ionchur ón a rinceoir de dhíth orainn le fáil
amach an luíonn an bhróg leat ó thosach nuair a fhaigheann sé nó
sí í. Ar ndóigh bheadh muid sách sásta mala rtú a dhéanamh ar
bhróga nár caitheadh nó ar bhróga a bhfuil caoi inathdhíolta
orthu. Muna luíonn na bróga leat agus má chaith tú iad, is é an
chéad rud a dhéanamh ná iad a thairiscint do bhaill do ranga
agus ansin iad a athordú uaim.
Lásáil
- Lásáil go normálta suas go dtí an fhoireann dheireanach
de phoill nó de lúba.
- Crosáil na hiallacha.
- Lásáil ceann na héille tríd an dara fhoireann de phoill
ón taobh istigh.
- Tóg an iall tríd an gcúl-lúb.
- Tarraing an tsáil in airde ar an gcos leis na hiallacha.
- Lásáil tríd an gcéad fhoireann de phoill anois.
-
Tarraing an iall bhreise ó thosach na coise tríd na poill.
- Ceangail sa tosach agus ansin gear nó fill isteach.
Tarraing an tsáil in airde go teann i gcónaí nuair a bhíonn
d’iallacha tríd an gcúl-lúb agus ansin tarraing na taobhanna in
airde nuair a lásáltar na taobhphoill.
Stopfaidh sé seo tochailt na bróige isteach i do theannán
Aichill agus laghdóigh sé damáiste thar thrácht na coise.
Breathnaigh ar an bhfíseán teagascóireachta
anois.
Íoslódáil shaor in aisce riachtanach.
Tá muinín ag rinceoirí asainn le sláinte a gcos le níos mó ná
deich mbliana agus leanann muid de bheith ag seasamh leis an
muinín sin agus de bheith ag cur measa ann. Tá stíleáil
speisialta Hullachan ar leithligh sa domhan rince.
Iarchúram
Tá 125 míle faireog allais ag an gcos agus is féidir leis sin
leathlítear allais a dhéanamh nuair a chaitheann tú do bhróga ag
comórtas. Tá sé sin nadúrtha ach beidh an bhróg fliuch fós agus
mar sin déanfaidh síorfhliuchadh na bróige agus triomú na bróige
ina dhiaidh sin damáiste ar an mbróg í féin. Beidh cineál éigin
de chóireáil iarchúraim de dhíth ar do Hullachan. Ná cuir do
bhróga i leataobh tar éis comórtais choíche agus tú ag fanacht
go dtí do chéad chomórtas eile chun iad a fheiceáil arís. Beidh
ort na bróga a aerial agus a thriomú idir amanna a n-úsáide.
Triomú na mbróg i ndiaidh úsáide:
Bí cinnte go bhfuil na bróga tirim sula gcóireálann tú do
bhróga. Croch na bróga in áit the ach ná cuir os cionn teas
díreach mar radaitheoir iad.
Glanadh an leathair:
Úsáid uachtar bróige chun an leathar a chothú uair sa
tseachtain.
An fhuáil:
Cóireáil an fhuáil le céir bheach uair sa tseachtain. Cuir
coirnéal maide céir bheach thar an bhfuáil atá i dteagmháil leis
an talamh. Fuáltar agus gliúáltar páirteanna na mbróg sa dóigh
go ngreamóidh an pháirt leis an gcuid uachtarach má ídítear an
fhuáil.
Pillíní Sáile agus Pillíní Boinn Istigh:
Tá na pillíní marthanach ach i ndiaidh caitheamh fada agus
b’fhéidir iomarcach, seans go scoiltfidh na pillíní sáile
tosaigh. Má tharlaíonn sin laistigh de shé mhí, seol cóip de
d’admháil chugam agus seolfaidh mé pillín nó pillíní in ionad na
gceann caite chugat. Beidh ar ghréasaí nó ar oibrí ceirde
inniúil na seanphillíní a bhaint den bhróg agus na pillíní nua a
athghliúáil isteach. Ná húsáid tairgí sárghliú mar leáfaidh siad
seo na pillíní.
PILLÍNÍ SÁILE: Níl pillín sáile de dhíth ort
le bheith ag rince. Níl siad ann ach ar son compoird. Baineann
rinceoirí éigin amach iad mar rogha. Sin é an fáth nach
ngliúálann muid na pillíní seo go trom sa bhróg. Gliúáltar go
héadtrom iad agus seans go scaoilfear iad i ndiaidh ama. Má
tharlaíonn sin, níl ort ach iad seo a ghliúáil ar ais le
greamachán teagmhála do rubar. Úsáideann muid gliú Bostix sa
Ríocht Aontaithe ach bíonn cineálacha éagsúla gliú ar fáil i
dtíortha eile. Léigh an lipéad. Cibé gliú a úsáideann tú,
ná húsáid gliúanna den chineál sárghliú. Is féidir leo sin na
pillíní a leá. Má tá pillín athsholáthair de dhíth ort, seol
ríomhphost chugam, le do thoil.
Comhairle don chaitheamh is fearr:
Is é an smaoineamh is fearr ná dhá phéire bróg a chaitheamh
mar is féidir leat sealaíocht a dhéanamh idir na bróga.
Bainfidh tú níos ama as na bróga má dhéanann tú seo.
Cé chomh fada is a mhaireann na bróga?
Lig dom dhá chomparáid a thabhairt duit. Braitheann reathaí
go mairfidh péire bróg reatha 200 go 300 míle. Is ionann sin is
thart fá choicís nó trí seachtainí. I ndiaidh an ama sin tá
cuma na mbróg ceart go leor ach níl an tacaíocht ann. Is féidir
le cailín baile péire bróg Pointe a ídiú go hiomlán i léiriú
amháin. Níl difear sna bróga Hullachan, ag brath ar an léibhéal
ina mbíonn ag rince. Is féidir le núíosach thart fá shé mhí a
fháil ó bhróga de réir fhás an rinceora. Seans maith go n-ídeoidh
rinceoir ag léibhéal craoibhe bróga trí huaire sa bhliain. I
ndiaidh bliana seans go mbeidh cuma cheart ar do bhróga ach
beidh an tacaíocht ídithe agus beidh an leathar róshínithe. Cé
nach ndéanann mud bróga as leathar a róshíneann, tá an t-ábhar
orgánach mar sin féin agus mar sin is féidir leis briseadh síos
le baictéair ó allas na coise.
Deisiúcháin:
Seans go mbeidh ar rinceoir páirteanna de bhróg chaite. Má
tá tú ag úsáid gliú, ná húsáid gliúanna den chineál sárghliú.
Ná húsáid ach taos greamaitheach teagmhála, á chur ar an mbróg
agus ag fanacht go dtí go bhfuil an gliú beagnach tirim agus
ansin ag ceangal an leathair le chéile.
Ag Ordú do Hullachan ó Hullachan Díreach
Buimpéis Éireannach Hullachan 2 (H2)

Buimpéis Éireannach Hullachan AP (HIAP)
Tá greimeanna cothromacha tríd an t-Hullachan AP. Tá na
painéil thrácht coise neartaithe agus dobhriste (iarratas ar
phaitinn curtha isteach). Leaisticeadh na taobhphainéil ar son
tomhas níos teinne. Tá próifíl bharrógóir trácht cos
nuadheartha agus sáil mhín déanta as ár leathar nua bog roinnt
réamhshínithe ann.
Tá ladhar níos gairide ag cruth na ladhracha. Síneann sé seo
thart ar áit na ladhracha (tús na bróige) nuair a cheanglaíonn
tú iad agus nuair a tharraingíonn tú tús na bróige thart agus
thar na ladhracha. Is ga do do ladhracha féin oibriú ar thús na
bróige mar a rinneadh roimhe seo ach tá feabhas mór sa chruth
anois.
Tugann an cruth nua pointe níos fearr don chos agus cuidíonn
sé le cruth trácht na coise.
Nuair a tharraingíonn tú taobhanna trácht na coise in airde,
déanann sé sin próifíl níos fearr.
Déanann mo dhearadh cuma fhíorshruthlíneach agus taispeánann
sé do chos do buntáiste níos fearr.
- Sála áille séimhe míne do thomhas foirfe.
- Anois lenár dtaobhphainéil iontacha leaisticithe do
thomhas níos fearr fós thar na sála.
- Stopann tús paitinnithe gan ghreimeanna cuimilt idir
ladhracha an rinceora.
- AP Hullachan le greimeanna cothromacha tríd.
- Ár bpróifíl thrácht coise nuadheartha.
- Painéil trácht coise neartaithe agus dobhriste (iarratas
ar phaitinn curtha isteach)
- Déanta as ár leathar nua bog roinnt réamhshínithe. Mar
is eol duit, bíonn buimpéisí Éireannacha i gcónaí dubh ach
tá muid ag tabhairt cinn bhána isteach do bhaisteadh, don
chéad chomaoin, agus do chailíní coimhdeachta. Is féidir
dath dubh a chur orthu seo níos moille.
Bróg Chomórtas Poirt Hullachan (HCS)
Irish Jig Shoe/Heavy Shoe

Sáil beagán níos ísle sa dóigh go mbeidh sé níos fusa a dhul
in anairde ar an mbróg.
Leathair uachtaracha níos boige ar son tuilleadh compoird.
Déanamh iomlán níos éadroime chun strus ar na cosa a laghdú.
Deartha ar son úsáide i gcomórtais. Is féidir an HCJ a úsáid
do chleachtadh ar ndóigh ach is do chomórtais is mó a dearadh
é.
Bóna stuáilte thar chúl na bróige chun cuimilt ar an Aichill
a laghdú.
Tá barr nua próifíl íseal ann a stopann lúbadh siar na
ladhracha; lúbann brandaí a bhfuil a mbarra an-tiubh siar na
ladhracha. Ar a uain ní chaithfear ar ais ar do sháil thú agus
bróga lenár mbarr nua seo ort. Tá múinteoirí agus rinceoirí
taobh thiar den núalaíocht seo. Mar gheall ar nach ndéantar as
snáithínghloine é seo, is lú an seans go ndéanfar smidiríní den
bharr nó den tsáil nó go mbrisfear iad i ngnáthshaol na bróige.
Tugann an t-ábhar seo fuaim iontach don bhróg, fuaim a
thaistealaíonn i bhfad.
Tá fuaim an bhairr beagnach mar chniog miotail – ach níl
miotal ar bith sa tsáil ná sa bharr.
Déantar an barr agus an tsáil as ábhar nua de shnáithín
lannach a bhfuil ard-dlúthán ann agus mar gheall air sin tá níos
lú den ábhar ag teastáil chun cniog an-ghlórach a dhéanamh.
Chuir muid triail air seo ar feadh bliana sular bheartaigh muid
é a úsáid.
Tá fuaim an-ghlórach ag an tsáil nuair a chliceáltar í.
Mhaolaigh mé an phróifíl chun do phointe teagmhála a fháil san
ionad is fearr. Ní sáil bholgáin í mar ní shíneann an phróifíl
thar leithead taobhanna na coda uachtaraí.
Cuid sholúbtha thrácht na coise. Ní chreidim i mboinn
lán solúbtha nach bhfuil tacaíocht den na tráchtanna iontu. I
ndiaidh thart fá 40 bliain de thaighde fuair mé amach gur féidir
strus mór a chur ar thrácht na coise gan tacaíocht tráchta.
Muna dtugann aon rud tacaíocht ón tsáil do thrácht na coise, is
féidir damáiste mór a dhéanamh don chos. Mar sin de d’fhobair
muid tacaíocht tráchta speisialta solúbtha a thugann solúbthacht
duit gan damáiste.
Bonn trom svaeide a fhulaingíonn cnaí. Neamhchosúil le
gnáthshála svaeide, tá ardchaighdeán bróige sna cinn seo,
cáilíocht atá riachtanach chun tuilleadh compoird a thabhairt
don rinceoir agus chun fleisc leanúnach a thabhairt don rinceoir
chomh maith.
Bonn istigh stuáilte tríd agus tríd a thugann solúbthacht ach
nach bhfuil tugtha d’intitim go tobann mar bróga eile le boinn
sholúbtha svaeide.
Nuair a sheolann muid bróga, iniann muide péire de chodanna
rince rubair taobh thiar den bharr chun an chuid sin a dhéanamh
níos righne más fearr leis an rinceoir mar sin é. Tá sé seo ann
do rinceoirí a bhriseann isteach a mbróga go tapaidh agus a
bhfuil tuilleadh buanfais de dhíth orthu. Má úsáidtear é seo ní
bhíonn sé chomh riachtanach téip dhuchta a thimfhilleadh thar na
boinn chun stop a chur le sleamhnú ach is maith le rinceoirí
éigin bonn atá sleamhain. Is féidir na rubair rince seo a
bhaint den bhróg go furasta más mian leat. Ach mholfainn duit
triail a bhaint astu ar dtús.
Babaí Hullachan (HB)

Is mionbhróga foirfe cearta iad soe agus tá siad cruinn i
ngach mionrud. Le tosach tá siad go léir dubh agus beidh siad
ag teacht amach agus na dathanna uaine Kelly, ór, airgead agus
bán orthu.
Is bróga ar son maisiúcháin iad seo agus tá siad go hiontach
do bhailiú, do bhábóga, mar bhronntanais, mar shonóg chairr,
agus le crochadh i seomra leapa an rinceora Éireannaigh. Is
péire de mhionbhróga foirfe Hullachan do rince Éireannach ó
Craig Coussins iad seo agus tá
siad lámhdéanta agus lámhfhuaite. .
 |
 |
 |
 |
 |
 |
 |
| £15 |
€16 |
$22 |
€16 |
$31 |
P675 |
¥1800 |
| inclusive of Worldwide Postage |
Hullachan Bán
Déanann muid na bróga Hullachan i raon méid anois ón mbeag
(10) go dtí an mór (3) agus is do cailíní coimhdeachta bainisí,
don chéad chomaoin, agus d’imeachtaí speisialta iad. Is féidir
leat an dath a athrú níos moille le paicéidí datha, dath dubh
ina measc.
Glacann muid leis na cártaí creidmheasa seo:
MAESTRO, MASTERCARD, VISA agus AMERICAN EXPRESS &
Paypal(Paypal email: craig.coussins@btinternet.com )
Dá mb’fhéidir, b’fhearr linn é dá n-ordófá i mBéarla mar níl
ár ngréasaithe go léir líofa sa Ghaeilge.
Cairt Mhéideanna
Tabhair faoi deara nach n-oireann na méideanna seo do bhróga
rince ó chomhlachtaí eile. Tá siad bunaithe ar thomhais
choibhneasta nó ar an dóigh ar mian leis an rinceoir na bróga a
thomhas. Más fearr tomhas níos teinne nó tomhas níos scaoilte,
beidh méid eile i gceist ar ndóigh. Is iad seo na
gnáth-fheistithe. Seans go mbeidh feistiú beagán níos mó ar
mhéideanna fear. Is neasmhéideanna na méideanna go léir agus ní
ach mar threoir atá siad anseo.
Measúnaigh do mhéid ón gcairt seo le do thoil
Méid beag 8 go dtí méid 9 RA ( UK ) 9 go 101/2
SAM / USA )
Costas poist ar fud an domhain iniata.
| 10 |
6¼ |
11 |
16 |
30 |
| 10½ |
6½ |
11 |
16.5 |
30½ |
| 11 |
6¾ |
12 |
17 |
31 |
| 11½ |
7 |
12½ |
17.5 |
31½ |
| 12 |
7¼ |
13 |
18 |
32 |
| 12½ |
7⅜ |
13½ |
18.5 |
32½ |
| 13 |
7½ |
1 |
19 |
33 |
| 13½ |
7⅝ |
1-2 |
19.5 |
33½ |
| 1 |
7¾ |
1-2 |
20 |
34 |
| 1½ |
7⅝ |
2-3 |
20.5 |
34½ |
| 2 |
8⅛ |
2½-3 |
21 |
35 |
| 2½ |
8¼ |
3½-4 |
21.5 |
35½ |
| 3 |
8⅜ |
4-4½ |
22 |
36 |
| 3½ |
8½ |
4-5 |
22.5 |
36½ |
| 4 |
8⅝ |
5-6 |
23 |
37 |
| 4½ |
8¾ |
5½-6 |
23.5 |
37½ |
| 5 |
8⅞ |
6-7 |
24 |
38 |
| 5½ |
9 |
6½-7 |
24.5 |
38½ |
| 6 |
9⅛ |
7-8 |
25 |
39 |
| 6½ |
9¼ |
7½-8 |
25.5 |
39½ |
| 7 |
9½ |
8-9 |
26 |
40 |
| 7½ |
9⅝ |
8½-9 |
26.5 |
41 |
| 8 |
9⅞ |
9-10 |
27 |
42 |
| 8½ |
10⅛ |
9½-10 |
27.5 |
42½ |
| 9 |
10¼ |
10-11 |
28 |
43 |
| 9½ |
10½ |
10½-11½ |
28.5 |
44 |
| 10 |
10⅜ |
11½-12 |
29 |
45 |
| 10½ |
10½ |
12 |
29.5 |
45½ |
| 11 |
10⅝ |
13 |
30 |
46 |
| 11½ |
11 |
|
30.5 |
47 |
| 12 |
|
|
31 |
|
| 12½ |
|
|
31.5 |
|
| 13 |
|
|
32 |
|
| |
I g Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (EEC) amháin, tá cáin
bhreisluacha (VAT) ann ó mhéid 6 suas. Taobh amuigh den Eoraip,
níl cáin bhreisluacha (VAT) ann.
Tabhair faoi deara le do thoil gur neasmhéideanna na
méideanna go léir agus beidh sé riachtanach go mbeidh a fhios
agat an bhfuil do chos caol, meán, nó leathan agus beidh ort
insint dom an maith leat tomhas teann nó tomhas compordach a
bheith agat.
Previous
|